FÚM

Is mise Sion, Sionainn nó Shannon- glaotar Sion orm ó am go ham mar leasainm, Sionainn atá ann ó cheart agus Shannon atá ar mo theastas breithe. Tá seacht mbliana déag slánaithe agam agus táim ag cur fúm i gCathair Luimní faoi láthair. Beidh mé ag suí na hArdteiste i 2015 agus dár ndóigh ag dúil go mór leis... nach mbeifeá freisin?! N'fheadar liom go fóill céard a dhéanfaidh mé tar éis na scoile- cúrsa teangacha nó múinteoireacht bunscoile, ceapaim- is duine neamhchinnte mé! Ní minic a bhíonn orm scríobh fúm féin- tá scrúduithe cainte na Gaeilge agus na Fraincise ag cuidiú liom! Is mór liom mo theaghlach, mo chairde, Gaeilge agus Fraincis. Bainim sár-taitneamh as a bheith ag blagáil, go háirithe trí Ghaeilge agus is dóigh gur éalú ón saol nó caitheamh aimsire é.

No comments:

Post a Comment