Wednesday 23 July 2014

BHUEL...

Níor cheap mé go mbeinn ag scríobh iontrála blag i rith an tsamhraidh seo ach táim anseo... ag clóscríobh... agus braitheann sé iontach. Mar sin, bail ó Dhia ort agus fáilte má tá tú ag léamh na hiontrála nuaí seo!
 
Is mise Sion, Sionainn nó Shannon- glaotar Sion orm ó am go ham mar leasainm, Sionainn atá ann ó cheart agus Shannon atá ar mo theastas breithe. Táim ag cur fúm i gCathair Luimní agus beidh mé ag dul i ngleic go luath le *duhn duhn duhn* ...bliain na hArdteiste. Tá taithí blagadóireachta agam cheana féin cé gur mise úinéir bródúil an bhlag Paisean le hAghaidh Faisin ach mé seacht mbliana déag d'aois anois, agus é beagnach ceithre bliana ó gur chuir mé tús leis an mblag sin, n'fheadar liom an oireann sé dom i bhfad- ní hé faisean mo "dhomhan" nó mo "chruinne" an lae inniu agus fiú go bhfuil suim mhór agam ann fós , shíl mé gur theastaigh rud éigin eile uaim, rud éigin nua. Níl uaim ón mblag seo ach taitneamh a bhaint as agus má bhaineann daoine eile taitneamh as freisin, bhuel nach mór an bónas é sin!

Is eol dom go bhfuil ainm simplí agus ní ainm 'te agus spíosraithe' roghnaithe agam do mo bhlag ach tá cúpla fáth leis sin. Ar an gcéad dul síos, ní mise an duine is cruthaithí ó thaobh na scríbhneoireachta de ach chomh maith leis sin, is gnáthshaol simplí gan mórán doimhne atá agam faoi láthair agus rudaí simplí a bhaineann liom, a bhfuil baint agam leo nó a shásaím a bheidh á roinnt agam anseo. Mar sin, cheap mé go mbeadh 'Saol Shion' oiriúnach. Is liomsa na grianghraif thuas agus thíos, agus tá súil agam bheith in ann grianghraf nó dhó a chur le gach post.

Cuireann sé áthas orm bheith in ann mo chuid Gaeilge a úsáid ar líne nuair is mian liom mar ní minic a labhraítear Gaeilge i mo theach-sa- níl ach cúpla focal ag baill eile mo theaghlaigh ach táid ag feabhsú. Nuair a bhíos níos óige, níor Ghaeilgeoir mé- níor fhoghlaim mé an Ghaeilge ach mar 'ábhar scoile' sa bhunscoil, ach anois tá grá go deo agam don Ghaeilge agus bím i gcónaí an-sásta aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile. Ná bíodh aon eagla ort roimh thrácht a fhágáil dom nó teagmháil a dhéanamh liom. Beidh mé i m'fhoghlaimeoir go deo agus má éiríonn liom fiú focal amháin nua a fhoghlaim nó deacracht amháin a shárú gach lá, beidh mé an-sásta.


Seo í mo chathair álainn chónaithe

Go dtí an chéad uair eile,
Sionainn x



8 comments:

  1. maith thú a Shioanainn - is maith liom an blag nua seo :-)

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go raibh mile maith agat a Réaltáin!

      Delete
  2. Leighfidh mé é sa todhchaí gan amhras :)

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go raibh maith agat... beidh mise ag déanamh an ruda chéanna le do bhlag-sa!

      Delete
  3. Nár laga Dia thú! Ceacht nó dhó le foghlaim agam uaitse agus mé ag streachailt blag a chur le chéile! An-chuma ar do bhlag nua. Tréaslaím leat!

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go raibh mile maith agat! Bhuel is eol duit cé atá anseo le cuidiú má tá comhairle uait!

      Delete